Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Oidhche amáin nuair a chuaidh sé go tig cómharsain bhí an oidhce go fluich stoirimeamhail ach mar sin féin do chuaidh sé amach mar bhí lampa a cómharsain aige.
Dúbhairt an bhean leis gan beith amuich ró dhéanach in-aon-chor mar bhí an oidhche go h-olc.
Do chuaidh sé go dtí an tig tar-éis na ba do comáint amach sa tuar.
Níor fhan sé ró fhada ag an dtig sin in aonchor mar bhí sé dorchadha agus tháinig sé abhaile.
Nuair a bhí sé ag teacht abhaile bhí sé ag siubhal an bhóthair agus do connaich sé duine éigin ag feuchaint amach thar an claidhe a bhí ar an taobh dheis de'n bhóthar do bhí rud éigin bán i n-a luighe ar thaobh an bhóthair.
Do stad sé agus d'fheuch sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Loingsigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Gort na Tiobratan, Co. Chorcaí