Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 0475
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí cailín i na cómhnuidhe i mbaile Mhúirne fadó agus bhí beirt inghean eile ann seachas an cailín sin agus mac amháin leis...”
Bhí cailín i na cómhnuidhe i mBaile Mhúirne fadó agus bhí beirt inghean eile ann seachas an cailín sin agus mach amháin leis.
Fuair a mháthair bás agus b'í seo an cailín ba shine acu go léir. Feirmeóirí ab'eadh íad. Bhí ana thruag ag na daoine dóibh agus ní nár bh'ionghnadh mar bhíodar óg an úair seo agus do thuith an obhair go léir ar an cailín sin. Oidhche amháin nuair a fhan sí suas indhiadh na daoine eile ag déanamh stoca. bhí an oidhche go h-olch gaodmhar agus d'fhan sí in-aice na teine dí féinig. Nior fheuch sí in-aon-chor ar an dteine mar bhí sí id'iarraidh é do críochnúghadh sar a raghadh sí a chodhladh.
bhí sí sí ag críochnúghadh an stoca agus bhí sí chun dul a chodhladh ansan.(leanann ar an chéad leathanach eile)