Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0333, Leathanach 0412

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0333, Leathanach 0412

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 0412
  3. XML “Dómhnall Ó Murchada”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear ann uair dhár'ab ainm do Domhnall Ó Murchada agus do bhí sé na chómnuidhe cois leasa agus gach aon lá do bheadh sé ag éisteacht leis an gceol bhreágh a bheadh ag na siofraí á dhéanamh sa lios.
    Lá amháin tháinig banríoghan na siofraí amach as an lios agus d'fiarr sí do Dhomnall dul isteach sa lios.
    Do chuaidh sé isteach i naonfheact leí annsan agus do bhí "saoghal breágh aige ag éisteacht leis an gceól breágh annsan.
    Do bhíodh a bhean amuich ansan gach aon lá ag glaodac air. Aon lá amháin nuair a bhí sí amuich ag glaodach mar an gcéadna do tháinig banríoghan na siofraí amach cúice. Dubhairt sí go ngeobfhad sí aon nídh a iarfhadh sí ach Domhnall a fhágaint acu.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire B. Ní Chéilleachair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    11
    Seoladh
    Tonn Láin, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Máire Bn. de Róiste
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    52
    Seoladh
    Cnoc an Iúir, Co. Chorcaí