School: Béal an Chrobháin (roll number 11023)
- Location:
- Béal an Churraigh Bháin, Co. Chorcaí
- Teacher: Tadhg Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)caitheadh sé seasamh ar cois amháin agus an slinne do caitheamh istheach leis an gcois sin. Dá dtuithfeadh an slinne ar ceann des na línte beadh sé as an gcluiche. Dá neirigheadh leis é cur isteach tógadh sé thar nais é arís agus caitheadh sé isteach go dtí an ceann eile é. Bíodh siad mar sin ar cois amháin go dtí go mbíodh sé istig i gach ceann aige. Tá sé ana deacar an ceann san d'imirt. Bhí cleas eile acha agus seo mar a dheinidís é. Bhíodh seactar nó octar de pháistí ann. Bhíodh ainm fé leith ar gach pháiste mar fear pingin, fear réalach agus a leithéidí. Bhíodh duine ann agus píosa éadaig flic na láimh aige. Glaodhadh sé amach ainm duine agus iompóchadh sé ar duine ná bíodh an ainm san inaoncor air. Caitheadh an fhear go mbíodh an ainm san air "mise" do rádh nó geóbhadh sé buile san aghaidh. Bíonn siad ag imirt dailicín sa geimhreadh. Cuireann siad píosa éadaig ar aghaidh duine i dtreó nach féidir leis aon rud d'fheiscint. Bíonn sé a dh'iarraid breith ar na daoine eile ansann. Tráthnóintí fada an tSamhraidh bíonn siad ag imirt peile. Bhíonn síad ag chaiteamh cruidthe capall leis. Bhíonn dá píosa iarrain saidhthe sa talamh timcheall deich slat óna céile. Bíonn beirt i gcoinnibh(continues on next page)
- Collector
- Séamus Mac Cárthaigh
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- Cill Chaitiairn, Co. Chorcaí
- Informant
- Maighréad Ní Urdail
- Gender
- Female
- Address
- Cill Chaitiairn, Co. Chorcaí