School: Béal an Chrobháin (roll number 11023)
- Location:
- Ballycrovane, Co. Cork
- Teacher: Tadhg Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal an Chrobháin
- XML Page 274
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fádó núair ná raibh dochtúirí ann mar atá indiu do dheineadh na daoine léighseanna as rudaí nádúra. Seo cuid des na léighseanna a bhíodh aca:
Cun duine le bhruitíneach do léigheas do bhainidís an liobán liosta agus ghearraidís na phréamhacha de. Ansann do bheirbhídís íad agus do bheiridís an t-uisge le ól don duine bhreóite. Bhíodh chrotach na gcadrach aca i gcóir an bruitínig. Do bheirbhidís é agus do chuiridís bainne ann agus do thugaidís don duine bhreóite é. Do bheiridís uisge salann ón bhfairrge agus cuid beag feamnaige leis dos na dathacha. Do níghidís na ghéaga teinne leis. Seo an leígheas ab'fearr a bhíodh aca i gcóir na dathacha ná, do mairbhídís Nóra na bPort agus annsan do bheiridís na chnámha. Do chuiridís an uisge isteach i buidéal. Nuair a bhíodh sé ann ar feadh tamaill agus annsan do chiumilidís leis na géaga é. Do bheiridís cuirpíní triocha agus d'ólaidís an uisge i gcóir an tridich. Bhíodh fúighlach feiréide aca i gchóir an truic leis. 'Sé an brígh atá le fuighleach feiréide na: thugaidís go leór bainne don feiréide agus an fuighleach a bhíodh fágta, tugaidis(continues on next page)- Collector
- Seamus Mach Chárthaigh
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- Kilcatherine, Co. Cork
- Informant
- Máighréad Ní Úrdail
- Gender
- Female
- Address
- Kilcatherine, Co. Cork