School: Béal an Chrobháin (roll number 11023)
- Location:
- Ballycrovane, Co. Cork
- Teacher: Tadhg Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal an Chrobháin
- XML Page 294
- XML “Mo Cheantar Féin”
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)h-ainmneacha atá ar na daoine ós chionn a seachtmhó na Siobhán Ní Laoinsigh, Nóra Ní Chárthaigh agus Síle Ní Mhurchadha. Táid go léir i mBhéal an Chrobháin agus is féidir leó an Gáedhilg do labhairt go maith.
- Níl mórán toibreacha beannuighthe mór-thímcheall na h-áite seo. Tá cheann ins na h-Aodhraoí agus tugtar "Tobairín Beannuighthe" air. Fadó do thagadh mór-chuid daoine cun na h-áite ag íarraidh leighis d'fhághail. Do tháinig bean agus a mach cun na h-áite úair amháin. 'Sé an rud a bhí ar an mbúachaill ná do thagadh tinneas cinn ana throm air agus do chailleadh sé a mheabhair. Acht ón lá sin amach ní fhuair sé aon cheann aca. Tá cheann eile igCo. Chíarráighe agus glaodhtar "Loch Shan Chuínleáin" air. Téigheann na daoine ann gach bhlián cun turuis do chaitheamh agus deireann síad an guidhe seo.
"Go mbeannúighthear dhuit a Chuínleáin naomhta
Go mbeannuighídh Mhuire Dhuit agus beannuighím féin duit
Annso a thánagh ag ínnsint mo sgéala
Ag íarraidh mó leigheas i gcunntas Dé ort.(continues on next page)- Collector
- Aine Ní Úrdail
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Ballycrovane, Co. Cork
- Informant
- Muiris Ó Úrdail
- Gender
- Male
- Address
- Ballycrovane, Co. Cork