Scoil: Tóchar, Dunmaonmhuighe (uimhir rolla 7270)
- Suíomh:
- An Tóchar, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Riobárd Mac Peadair
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0306, Leathanach 097](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0306%2FCBES_0306_097.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0306, Leathanach 097
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ar maidin Dia h- Aoine 'gus me 'ma luighe ar mo leabaidh
A' machtnamh is ag smuíneamh bhíos ar mo namhadh
D'airigeas an bhualadh go dian is go tapaidh
A Thaidhg preab id shuidhe tá na peelers ad'aiceDo phreabas go biodhgas mar fhan brígh na tapadh
Do bhaluigheas go cruinn cugam mo bhriste is mo hata
D'imthígheas do'n staighre-sa go ndeigheas ar a' gearraig
Mar a leathadh im chroidhe me le gaoith fe mhaidinDo shuibhlúigheadar an oidhche úd o'n Laoí go dtí an Ceatha
Treasna Dromdíoga is ó dheis go Cooranig.
Tóchar mar dtimcheall cun Dugán na Ceapta (Duggan of the rags)
Do thug mo thuairisg go cruinn mar dhíol as na slataibhAthcuingím ar Íosa droch-chroidhe ar a shaothar
Na ciseána fighte is gan ann ac a dtaobh
Go mbristear na h-uibhe sin san oidhche ar a'mbothar
Is aon phinginn da mbárr na ndeigeadh coidhche na phocaAr Phartalann an tSagairt céad descair is lóm ort
Mar a dheineadh tú breaba cun reatha gan amhras
Ceád conách ort é thairis ní raibh aon [?] ann duit
Agus d'fag san mar mheas ionta [?] fan a' tSamhairdh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Dálaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Tóchar, Co. Chorcaí