Scoil: Doire Clathach (Derryclough), Drom Dhá Liag (uimhir rolla 11931)
- Suíomh:
- Doire Clochach Íochtarach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Firbisigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Fionn Mac Cumhaill lá 'n-a shuidhe ar stuaicín a' Corrain agus é ag feuchaint soir ó dheas agus do tháinig buachaill fén adhéin ná raibh aon [?] air le feuchaint air. Cad é an saghas duine thú adubhairt Fionn nó cá bhfuil do thriall.
Buachaill ag lorg aimsireach iseadh mé adubhairt a' buachaill. Tá go maith arsa Fionn. Máighistir ag lorg buachaill iseadh mise. Cad é an págh abheadh uait ar feadh bliana arsa Fionn. Ní bheidh mé cruaidh arsan buachaill. Ní iarrfad acht leathair peidhre bróg. Tá go maith arsa Fionn is cuma godé acht d'oirfeadh tuilleadh dhuit. Déanfaidh san arsan buachaill
Bhí Ínse in aice locha Chorrain agus [?]níor dheacadh aoinne riamh ag obair ann ná cuirfeadh piast abhí sa loch cun báis iad. Nuair achonnaic Fionn cómh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eamonn Mac Firbisig
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Drom Dhá Liag, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Drom Dhá Liag, Co. Chorcaí