Scoil: Doire Clathach (Derryclough), Drom Dhá Liag (uimhir rolla 11931)
- Suíomh:
- Doire Clochach Íochtarach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Firbisigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Ar casadh bean ort!" arsa an sagart.
"Casadh Muise." ar seisean.
"Agus coin ar a tóir," arsa an Sagart
"Seadh muise," ar seisean.
"An dóigh leat go mbéarfaidh sí reilg Cill Maca Biadh uatha?" ars an Sagart airís.
"Ní feadar mé a athair" ar seisean.
"Mo thruag í muna mbéarfaidh" ars an Sagart. "Bean bocht í sin a fuair bás i Mídh Ros indiu agus tá madraí Ifrinn ar thóir a anama. Ach má éirigheann léi geataí na Reilge a bhaint amach uatha beidh sí slán sábhálta. Agus maidir leat-sa buailfidh socraid leat sar i bhfad. Téir i bhfolach nuair a cifír í agus fan ann go dtiocfad cúghath."
Le linn na cainnte sin a rádh dó d'iompuigh sé an capall ar ais i dtreó an Bráid airís, agus d'imtig sé uaidh ar nós splannc teinntríghe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máigréad Ní Chárthaig
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Ní Chárthaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin, Co. Chorcaí