Scoil: Droichead na Ceathramhna
- Suíomh:
- Bridgecartron or Derrycashel, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: S. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé an-bhocht.”
(ar lean ón leathanach roimhe)go leor airgid amach as. Gan amhras bhí áthas ar Mhícheál agus a mhnaoi.
An oidhche sin níor thuit a gcodhladh ar an mbeirt mar bhíodar ag smaoineadh ar no rudaí a cheannóchadh siad do na páistí. Do cheannuigh siad talamh, agus do thóg siad teach nua dóibh. Thug siad a lán rudaí eile dóibh chomh maith.
Tar éis tamaill do briseadh an buidéal a's bhí siad bocht arís, agus ní raibh aca acht aon bhó amháin. Do chuaidh Mícheál ar an aonach arís agus as an uisce do léim an fear mar a rinne sé cheana. Thug an fear buidéal arís do Mhícheál. Nuair a tháinig sé abhaile d'oscail a bhean an buidéal agus do léim beirt fhear amach as. Do bhuail siad Mícheál agus a bhean agus as sin amach níor dhíol siad bó - mar mo léan géar, bhíodar an-bocht arís uaidh sin amach.- Bailitheoir
- Máiréad Ní Tóibín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Béal Átha Fearnáin, Co. Ros Comáin
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Cába
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Béal Átha Fearnáin, Co. Ros Comáin