Scoil: Currach Beag (uimhir rolla 10721)
- Suíomh:
- An Comhartha Beag, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Dhrisceóil
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá amháin bhí beirt sagart ag siúbhal an bhóthar le na chéile, sagart óg agus sagart aosta. Bhuail fear leó ar an slighe. Eóghan Ruadh ó Suilleabhán abainm don fear. Bhí na fiacha dubha ag eitilt tímcheall ortha. D'fiafruig an sagart óg d'Eóghan cad a bhí á rádh ag na fiacha dubha. Bhí fearg ar an far mar bhí fhios aige gur ag maghadh fé a bhí an sagart agus dubhairt sé leis
nuair a thiocfhaidh an míol mór ar an Maí,
nuair a thiocfhaidh an franncach go Sliabh Mis,
nuair a chaillfidh an sagart an tsaint,
seadh a thiocfhaidh cainnt don bhfiach dubh.- Bailitheoir
- Seán Ó Concúbhar
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dairbhre, Co. Chiarraí