Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)
- Suíomh:
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus B. Ó Lúbhaing
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus cuirtear an clár uirthi.Bíonn poll i lár an chláir i dtreó go raghadh an ghloinithe tríd. Bíonn an claibín anuas ar an gclár, bíonn poll sa chlaibín leis. Annsan tosnuightear dhá dhéanamh, má bhíonn sé fuar cuirtear uisge te innte. Ní mór beirt chun cuigion a dhéanamh. M’athair agus Pádraig a dheineann ar gcuigion-na. Ní bhaineann sí díobh ach uair a chluig agus ceathrú.Is fuirist aithint nuair a bhíonn sé déanta, mar ní fhanann aon im ar an ngloinithe. Nuair a bhíonn an t-im bainte di, tugtar bláthach ar an mbainne a fhanann in a dhiaidh. Tá bláthach ana shláinteamhail go léir, ach ní bhíonn aon dúil ag duine innti nuair a bhíonn sé aige i gcómhnaighe.Deir an seana-fhocal “Is beag orm bháthach nuair a bhím lán di.” Bíonn an aimsir ana chruaidh orainn gan aon bhláthach ó Mhí na Nodhlag go dtí an Márta . Cuireann mo mháthair salann ar chuid den im, agus fágann sí an chuid eile gan aon t-salann. Cuireann sí salann ar an méid de a bhíonn le h-úsáid, agus fágann sí an chuid a bhíonn le díol gan(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Séaghda
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Bólas, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Síle Ní Sheocfhradha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bólas, Co. Chiarraí