Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)
- Suíomh:
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus B. Ó Lúbhaing
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá ba, capall, asal, beithidhigh agus gamhna againn sa bhfeirm. Tá cúig bó againn “Bléinfhionn”, “Smólach” “Deorach”, “Druimfhionn” agus Geadach. Bíonn siad amuich gach oídhche go dtí go dtagann an Nodhlaig, fé mar a deir seana fhocal. Foghmhar gach síon go Nodhlaig. Cionus a glaodhtar ar na cearca, “tuc”, “tuc”, “tuc”, ar na lacain “fíonach, fíonach, fíonach”, ar na n’géana “beadaidhe, beadaidhe¸ beadaidhe”. Tá ainim againn ar gach pháirc, Páirc an Duar” sin í an pháirc na mbíonn na ba na chodladh ann, “Páircín Doimhin” sin í an pháirc na mbíonn foithin ann ó gach aon ghaoith, “Páirc na mbealach” sin í an pháirc in n-aice claidh na teórann idir sin féin agus taobh thuaidh, páirc eile i n’aice na h-abhan go bhfuil an seana-fhocal ag baint leis, sé seo an seana-fhocal. “Cois abhann síos agus cois abhann suas tá foithin ó’n ngaoith adtuaidh ann is teas ar an ngaoith andeas tá a h-agaidh sa n’gréin agus a chúl sa t-sioc”, páirc eile atá againn iseadh “Páircín an Chlover”, tá sí ar aghaidh an tíghe amach tá luibh éigin ann mar aon ainmhídhe a raghadh isteach ann(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síle Ní Laoí
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bólas, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máighréad Ní Mhurchadha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bólas, Co. Chiarraí