Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán P. Ó Súilliobháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 223](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0478%2FCBES_0478_223.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 223
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus Dómhnall do b'ainm dó. Aon lá amháin do bhí sé ag baint sgeach agus pé slíghe gur fhéach sé thairis chónaic sé Lotharacán istig i dtur a bhí tamall uaidh agus próca óir aige. Ha ha a bhuachaill ar sa Domhnall tán tú agam anois agus caithead tú teacht abhaile liom. Tiocfhad ar sa an Lotharacán má cuireans tú i nainim i draiocht agus i deamhain mé. Ní chuiread ar sa Domhnal ach tar abhaile am theannta. Do ghluaiseadar leó abhaile. Nuair do sroiseadar an tig d'fhiafruig Dómhnal don Lotharacán an raibh ocras air. Dubhairt an Lotharacán go raibh. Cad ba mhaith leat chun dinnéir arsa Dómhnal. Prátaí agus feóil agus súp arsan Lotharacán. A Shiobhán ar sa Dómhnal lé na bhean faigidh an dinnéar ullumh dom féin agus don strannsear Bhí an bhean thíos sa tseomra agus do labhair sí aníos cé hé an strannsear ar sise. Is cuma dhuit ar sa Dómhnal tá ár ndóthain an tsaoghal againn tá próca óir aige . Faigidh an dínnéar ullumh go tapaidh. Nuair do bhí sé ullumh do shuideadar chun búird agus d'ól an Lotharacán cuid de'n súp agus dhóigh sé a theangain leis mar bhí sé ann té. I gcionn seairtimh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Séamus Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cinn Aird Thoir, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séamus Inglish
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69