Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán P. Ó Súilliobháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí bean ana láidir i mBéara fadó agus do ghlaoidthí Cailleach Bhéara uirthi. Lá dos na laétheanta do chuímhnimh sí dá mbeadh ruaine do Bhéara curtha lé ceann Bholais go mbeadh foithin ag Beara ón ngaoth adthuaidh. Do chuir sí tead timceall air smut do Bheara agus do tairig sí léithe é. Do bhíod ruainne dí ag tuitim i gcómhnuídhe acht fé dheire thuit plannc mor dí agus is é sin Oileán Daoínis. Do braith sí an tullach ag eadromú annsan agus do bhain sí stracadh as an dtead. Lé na linn sin do bris sí é agus do béigean di e fagaint annsan. Dfill sí tarnais chun tead eile do fagailt act pé nídh do bhain dí níor tháinig sí tarnais riamh o shoin. Act dá raincotadh lé a bhreith go ceann Bholais bead cuan Bailensceilg na chuan bhreág. Dfag san Scairbh agus Daoínis mar a táid riamh ó shoin.
- Bailitheoir
- Seamus Ó Suilliobháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cinn Aird Thoir, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Suilliobháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50