Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán P. Ó Súilliobháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)isteach i bPúicín na gCeann é agus annsan go ghluais sé leis abhaile. Cúpla oidhce na dhiaidh sin do chuaidh sé ag íascaireacht arís agus sé an áit a bhí sé ná ó thuaidh i mBágh Fhionnáin. Do mhairbh sé cor mór iasg ann agus díreach nuair a bhí sé chun dul abhaile do shéid an oidhce ar gála agus fearthainn agus do bhí eagla ag teacht ar Sean mar bhí na báid lán d'éisg. Go gcuirfhidh Dia ar ár leas sinn a fheara arsa Sean. Dá bhfeaduimís dul sa Ghleann agus san am ceadna d'fheach Sean siar agus agus cad a ceidhfidh sé ach duine beag críonna thiar i ndeire an bháid.Cuaidh Sean siar agus do labhair sé leis an duine beag. Is mithid duit labhairt chugham a Sheain ar seisean. An cuimhin leat an oichce gur gabhas thar bóthar na mainistreach agus gur bhaineas mo cheann den franncac .Is cuimhin go maith arsa Sean agus mórtas air. Is mise an fear do bhí ann an oidhce sin agus do thána annso anocht chun fóirthint ortsa mar do dheinis an maith orm. Stiúraidh an bád anois dom arsa Sean. Ní dheanfadh stiúraidh féin e ar seisean agus raghadhsan Ghleann slán sábhála le conghnamh Dé tú féin agus do chuid fear agus san am ceadhna do léim an firín beag amach as an bád agus nacadar aon radharc air riabh ó shoin.
- Bailitheoir
- Miceal Ó Murcúdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Géagáin, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Miceal Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Dún Géagáin, Co. Chiarraí