Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Achadh Tiobraid
- XML Leathanach 314
- XML “Scéal i dtaobh Bó Sí”
- XML “Scéal Eile - Bó Farraige”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gur tháinig sí ana ghairid dóibh.
Bhíodar ag faire uirthi, ba gheárr gur chualadar cucha an cóc gaoithe ba mhó a shéid as an spéir riamh. Do chaith an cóc an fear agus an garsún agus an t-aitean ar a nagaidh ar an dtalamh.
Nuair d'éirigeadar, agus d'fhéachadar mór thimcheall ortha, ní raibh trácht ná tuairisg ar an mbuin. Tháinigeadar abhaile agus sgannradh agus uathbhás ina gcroidhe. - Sgéal Eile. - Bó Fairrge.
Bhí sgata fear lá ag obair i ngort ar bárr faille. An fhaid as a bhíodar ag obair chonnaiceadar bó ar an dtráig direach taréis teacht isteach ó'n bhfairrge.
Dimthigheadar abhaile cun téad d'fhághail. cun í bhreith abhaile leó, acht nuair thánadar thar nais ní raibh trácht ná(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Mhuircheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann