Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)

Suíomh:
Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Ó Muircheartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0477, Leathanach 199

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0477, Leathanach 199

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Achadh Tiobraid
  2. XML Leathanach 199
  3. XML “Arán Speisialta”
  4. XML “Arán - Lá Caille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá Coille
    Do beadh féasta mór dar leo aca leis oidhche Coille, mar aoinne ná iosfaidh é a dhóthain an oidhche sin, ní íosfadh sé a dhóthain go ceann bliana ó'n oidhche sin (oidhche na codha mhóra a glaodtar)
    "Oidhche Coille bhris mo ghoile
    As dhein mo mheille in aoinfeacht
    Turnaipí uisce, fuairis le nithe
    Nócht do banbh ag éinne"

    Buailtí ciste mór ar drom an dhorais an oidhche sin leis, agus an fhaid as a bhítí ag bualadh, do beadh dá rádh aca:-
    "Fógram an gort ort
    Ó Rí an dTurcach
    Ó anocht go blian ó anocht, agus anocht leis"
    In ainim an Athar as a Mhic agus an Spirid naomh amen.

    Tógtaí trí shaghas béile gach uair a deirtí é sin, agus deintí amhlaidh trí nuaire.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
      2. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    3. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. an Athbhliain (~74)
    Teanga
    Gaeilge