Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Achadh Tiobraid
- XML Leathanach 264
- XML “Amhrán Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán Eile
“Do thuit an tamhrán so amach. Bhí feirmeoir i gcarthan. Bhí buachaill as cailín aimsire aige”
Do thuit an t-amhrán so amach bhí an feirmeoir i gcarthan. Bhí buachaill as cailín aimsire aige. mac dritheáir den mháigistir a beadh an buachaill, agus dileactaí a beadh an cailín gan áthair ná máthair. Bhí sé ag dul leis an gcailín, agus bhí leanbh ar iompar aicí. Beir a athair abhaile é san Inid a bhí cugainn. Thug sé an talamh dó. Shocruig sé cleamnas de cailin de muinntir Cróinín tar Góilín anall. Táinig mach an feirmeoira, agus chuir sé curtha ar a sean mháigistir as a sean mháigistreas, agus níor bhach sé leis an gcailín bocht. Dinnis sí sin don máighistreas go raibh sí mar sin. D'innis an máigistreás don máighistir é. Dubhairt an máighistir leis a mháighistreas feín fanamaint sa bhaile oidhche an pósta, agus go ragad sé féin as an cailín leis. "Alrigh" ar sí. Dhéin an máigistir as an cailín(leanann ar an chéad leathanach eile)