Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Achadh Tiobraid
- XML Leathanach 204
- XML “An Margadh”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)codladh do dhéanamh san oidhche agus dá brígh sin bíodar ag imhteacht de ló as doidhche.
- Sgéal:-
Bhí fear mar seo fadó ann, ag baint móna as miothal aige ar taobh an bhóthair. Neantóg as bágún an biadh a bhí aca á nithe. Bhuail bacac (fear siubhail) cucha. Bhí sé leath mharbh leis antocras. Dubhairt an fear leis "Suidh agus ith do dhóthain" Seadh do shuidh sé. Nuair a bhí an béal ithe, do thug sé buidheachas do'n bhfear agus dimthig sé air. Níor chuimhnig an fear air as san amach.
Seadh, blian ina dhiaidh sin, d'imthig an fear go Corcaigh le fircíní ime. Bhí daoine eile in aoinfeacht leis. Bhíodar ag teacht abhaile, agus a gcuid airgid aca. Ar thuitim na hoidhche dhóibh, bhuail tig áluinn leo ar taobh an bhóthair. Chuadar isteach a diarraidh uisge. Bhí duine uasal istig ina shuidhe ar cathaor compórdac cois na teine. Bhí maca breágh bó amuigh aige.
Bheannuig sé na stróinséirí, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)