Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Achadh Tiobraid
- XML Leathanach 185
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)oidhche len Seáin mar geall do onóir do thabhairt do Naomh Seán
Lá le Muire Fóghmhair15adh lá de Lugnasa
Lá beannuighthe seadh é,tugtar turasanna Féile Mhichíl: indeire Meadon Fhóghmair bíonn buidheachas ortha do Mhicheál mar gheall ar Fóghmhair mhaith déisg agus barraí
Lá le MártanMarbhuightear rud éigin an oidhche sin.
Bhí fear ann uair agus maidin taréis oidhche Mártan théigeadh sé amach, agus cuireadh sé march ar beithidig i gcóir an oidhche a bheádh le teacht. Ní raibh an fear sin gan feoil ar a bhórd aon lá san bhliain
OIDHCHE CINN BLIANAAn oidhche roimh lá Coille. Aoinne ná iosfadh a dhóthain an oidhche sin - Oidhche na Coda Móra - ní iosfadh go ceann bliana eile é.Bacáltear dá císte móra aráin, ceann mór i gcóir an doras mór, lán suas de risiní agus ceann eile i gcoir an chúil dorais. Buailtear na cistí leis an ndoras ina seasamh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Shéamuis Ó Donnchada
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Seanchaí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí