Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar eagla go mbearfad an mada ruadh air. Seadh nuair fuair sé an solus ar lasadh, do thug an mada ruadh léim as a cabaill amach tríd an bpoll agus ní fhéadfadh an madra greim a breith air. Chaill an madra a meabhair ar fad. Annsan scaoil an fear amach í Seadh glan sí léi ag béichead timcheall ag deanamh ar a dó a clog. Ceartaig se an teine, agus dfan sé tamall feucaint an dtiochfaidh sí ba geárr gur mhothuig sé an béichead ag teacht. Cheap sé gurbé an sluag aérach a bí ag teacht. Seadh isteach leis an mada ruadh tríd an bpoll agus an madra ina diaidh. Bí sí sin in acrann sa bpoll agus gach béic aici. Do rith an mada ruad isteach idir bairrle éisg agus an falla. D'oscail an fear an doras, agus béigean dó an madra a tharrac(leanann ar an chéad leathanach eile)