Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Achadh Tiobraid
- XML Leathanach 135
- XML “An Doineann”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is ceart sgáthán bualadh ar a bhéal fé - gan aon miotal a bheith agat gan é caitheamh uait. Tairrigheann an miotal an splannc cuichi
Uisce no iarrain atá uaithi.'Sé dubhairt na seanduine gur feirg mhór a bheith á cur ar ár dTigearna, mar geall ar éagcóir eigin atá déanta ina choinnibh. Cuireann sé iad san, cun smachtú do cur ortha san uaireannta.Ní ceart dul ar aon fhoithin acht imtheacht ar bóthar in ainm Dé. - Bíodh scoláirí bochta ag gabháil timcheall fadó agus do ghlaoidh sé seo isteach i tigh duine uasail seo. Thug sé óstuideacht na h-oidhche do go lar. Bhí bean an duine uasail i dtrioblóid leinbh, agus nuair a bhrath an scoláire bocht, an leanbh a saghlú, dubhairt sé an bhfeadaidís ceithre no cuig nóimeataí maoille cur air. Dubhairt an banaltra ná féadaidis, diarraidh an duine uasal de, cad é an réasún a bhí aige sin a rádh mar(leanann ar an chéad leathanach eile)