School: Cathair Samháin
- Location:
- Cathair Samháin, Co. Chiarraí
- Teacher: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cathair Samháin
- XML Page 373
- XML “Amhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Amhrán1.In imeall na coille ar thuitim an drúcht aréir
Seadh dhearcas im choinnibh an aindir bhean áluinn shéimh
Ceapas nár mhiste dhom tuitim i ngrascar léi.
Sé dubhairt sí a dhuine tú ar buille is ní dhó duit mé.11D’fhiafruigheas de’n bhean seo cad a thug í fé mo dhéin
Cá bhfuil do dhuine nó an miste duit ghabhail liom féin.
Do freagair sí mise go milis do’n córa séimh.
Ó Luitirne an imirt ag gcluiche cúig cárta léi.111.Núair a luigheamair ar imirt níor thuigeas an córa sgéal.
Aon uair a thugainn an cuireata bhuaileadh sí é.
Do bhúaidh sí an cluiche is is milis mar adubhairt-sa léi.
Ní ábhar duit mise ó caileas an cúig leis an h-aon.1V.Má bhúadhais an cluiche de’m cruinneas ná bíodh ort brón.
Tar liom abhaile is geobhair beat-uisge is fíon go leór.
Cead luighe liom ar leabaidh is tiocfaidh anam agus bríghe id glór.
Thabharfainn léigheas ort trí trana de’n talamh gan cíos go deó.V1.A óig-bhean mhaiseamhail máineamhail áluinn óige.
Ba bhinn liom do lamarc chun tamill do thabhairt id threó.
Muna mbeadh mé bheith lag críona caithte
Och mo bhrón tusa bheith imthighthe uaim.- Collector
- Pádruig Ó Curdáin
- Gender
- Male
- Address
- Ochtaibh, Co. Chiarraí
- Informant
- Dómhnall Ó Curdáin
- Gender
- Male
- Address
- Ochtaibh, Co. Chiarraí