Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 156
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Do Rinneadh pósadh ina na Corraibh uair...”
(ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a srois sí an tig dubhradar léi go raibh moill ró mhór an bhóthar uirri. D’innis sí a sgéal dóibh acht níor chreideadar í. Dubhairt sí leó imtheacht amach agus í fheiscint ar an gcarn aoiligh. Chuadar amach ‘na nduine is na nduine. Chómh luath agus chonnacadar í thuiteadar i laige. D’fhan duine éigin istigh a’s chuaidh sé i n-achrann ar Mháire an clóca thabhairt di. Do thug acht chaith an sprid a rádh leó ná tagaidh sí chun éinne a bhaineas leó ar feadh seacht nglún agus níor tháinig.(gan teideal)
“Bhí triúr thiar i Muirbeach agus bhíodar ana thugtha don ól Seo mar deineadh bhéarsa dóibh...”
Brighid Bean Uí Dálaigh, Cumastabha 84 bl.Bhí triúr thiar i Muirbeach agus bhíodar ana thugtha don ól. Seo mar deineadh bhéarsa dóibh.Eoghan Ua Dálaigh as Shiobhán Jack
Domhnall Ua FDubhghaill is a thriúr mac
Seán Ua Fogartha as Máire Mack
Olfaimíd féin a braoinín dram- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Dhálaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Com Dhá Stogha, Co. Chiarraí