Scoil: Drumgossatt (B.) (uimhir rolla 14071)

Suíomh:
Droim Guasachta, Co. Mhuineacháin
Múinteoir:
T. Ó Muireadhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0929, Leathanach 218

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0929, Leathanach 218

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Drumgossatt (B.)
  2. XML Leathanach 218
  3. XML “Cath Mhachaire Cluana”
  4. XML “Cathal Buí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    annsiúd gan fhios acu cá rabh siad ag dul. Ach sa deireadh sgaoil Trench an gunna a bhí aige agus marbhuigheadh fear amháin agus leonadh fear eile. Thárla an rud seo san bhliahdain 1846 Dia h-Aoine. Tá sean-fhocal ag na sean daoine annseo "Indiu an Aoine ní chluinfidh siad sinne." na Sigheoga atá i gceist. Deirtear nach mbíonn na sigheoga amuigh Dia h-Aoine agus nach bhfuil aon dochar ann luadh dóibh an lá sin. Is dóichegur a b'é sin an fáth go dtosuigheann na daoine thart fá'n áit seo ar aon obair atá le déanamh acu Dia h-Aoine. Ag cur síol nó ag baint an choirce nó aon obair mar sin is maith leó tosnú do chur air Dia h-Aoine.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Deirtear go mbíodh Cathal Buidhe san duthaigh seo go minic. File na h-ochtmhadh aois do bheadh é. Peacaidhe mhór do bhí ann do réir cosamhlachta. Ní leigfidhe isteach san pharóiste é sa deireadh mar bhí an iomad sin de dhroch-chliú air. Ní rabh aon meas ar bith ag na sagairt air agus dubhairt sagart amháin go bhfágfadh sé mallacht ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge