Scoil: Clochar na Toirbhirte, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: An tSr. M. Déaglán An tSr. Marie Thérèse
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)san spéir sin cómhartha go mbeidh sneachta ann. Nuair a bhíonn ceó bóthair ag eirighe suas sin cómhartha go mbeidh fearthainn againn. Nuair a théigheann an gabhar fé tor-aitinn sin cómhartha go mbeidh droch-aimsear againn.
Nuair a bhíonn an madra istigh san tigh sin cómhartha go mbeidh sneachta againn.
Nuair a bhíonn ghaoth anoir ag séideadh deirtear gur comhartha é sin go mbeidh aimsir fuar agus tirim againn. Nuair a bhíonn an ghaoth andheas nó an ghaoth aniar ag séideadh deirtear go mbeidh fearthainn againn.. Nuair a bhíonn an ghaoth adtuaidh ag séideadh deirtear go mbeidh sneachta againn.
Nuair a chuireann an cat a dhrom chun na teine deirtear go mbeidh fearthainn againn. Nuair a thuiteann an súgha anuas as an tsimné sin cómhartha go mbeidh fearthainn againn.Caitlín Ní Shúilleabháin- Faisnéiseoir
- Caitlín Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann