Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0576
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gearrachaile timcheall dhá bhlian déag d'aois a bead Máire 'N Leasa, inghean feilmeóra go raibh cuid mhaith ba aige n-a hathair. "Máire 'N Leasa" a tugtaoi uirthi. Ní raibh aon inghean eile aige ach í féin. Bhí sé an tugtha dí mar ní raibh aige ach í. Bhí sí a' dul ar scoil agus bhí uirthi dul thar doras a' leasa gach haon lá. Bhí an lios seo ar thaobh an chasáin.
Ceann dos na laethe tháinig bainrioghán a' leasa roimpi ag dorus a' leasa is do ghlaoidh sí isteach ar an ngearrachaile. Thug sí isteach í is do thug sí rudaí deasa dí is chuir sí a' luasgadh an chliabáin i. Bhíodh sí ghá mealladh is ag tabhairt rudaí deasa dí go dtháinigh na scolaire abhaile. Scaoil sí abhaile ansan í agus dubhairt sí léithi gan é innsint do aoinne agus a theacht arís amáireach. D'imthigh Máire abhaile is níor innis sí aon fhocal mar gheall air.
An dara lá chuaidh sí ar scoill arís agus bhí bean a' leasa roimpi agus do thug sí isteach í fe mar rinne sí an céad lá. Bhí sí a luasgadh an chliabháin dóibh. Bhí an scéal mar sin ar feadh roinnt laetheannta, agus annsin bhuail máistir na scoile le n-a h-athair agus d'fiafruighe sé do ce'n fáth nach raibh Máire ar scoil nó cé bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Níc Énrí
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Énrí
- Inscne
- Fireann