Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)

Suíomh:
An Choraidh, Co. Shligigh
Múinteoir:
Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0572

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0572

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curry (C.)
  2. XML Leathanach 0572
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean in a cómhnuidhe i gCaiseal, agus maidin Dómhnaigh bhí sím ag cur faoi réir chun dul go dí an Aifreann, mar bhí sé ag druideam leis an am. D'imthigh sí agus ní raibh sí i bhfad ithighthe soir an bóthar nuair a bhuail pinghin leí. Chrom sí agus thóg sí é, agus ar gach aon coisceím nach mór, annsin, bhíodh pingin roimpi. Do chromadh sí agus do thógadh sí an pingin i gcómhnaidhe go dtí go raibh a h-aprúin líonta, sara raibh sí buailte le corraidh. Chuaidh sí isteach i dTigh an Aifreann annsin ach bhí an t-Aifreann caillte aice.
    Dubhairt sí 'na h-aigne féin nach aon ní cóir a chuir an t-airgead sa treo roimpi agus a rádh gur chaill sí an t-aifreann dá bhárr.
    D'fhan sí annsin go raibh an t-Aifreann i leathtaoibh agus na daoine go léir bailighthe leó abhaile. Dubhairt sí léi feín go rachard sí chuig an sagart agus go n-innsóchadh sí dó i dtaoibh an airgid a bhuail léi ar an gcasán, ar theacht dí, agus gur chaill sí an t-Aifreann dá bhárr.
    Ní fheadar cioca an t-athair Sheáin nó an t-athair Thomáis a bhí mar shagart san am. Chuaidh sí ag triall ar an sagart
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Mhurtaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    John Tomás
    Inscne
    Fireann