Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)

Suíomh:
An Choraidh, Co. Shligigh
Múinteoir:
Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0550

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0550

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curry (C.)
  2. XML Leathanach 0550
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ina chómhnaidhe i gCo. Shligigh uair agus bhí aon inghean amháin aige agus do theastuigh uaidh feilmeoir maith d’fháil dí - dá inghin agus an té bhí a’ thúirt dí ní phosfaidh sí é. Bhí sé cortha, cráidhte céasta, agus a croidhe ciardubh dubh aici agus ní raibh fhios aige céard a dhéanfadh sé.
    “Seadh! a ’nghin,” ar sé, ní féidir liom aon chothrom a bhaint díot,” ar sé, “nó cad tá ort” ar sé, “an fear a thúrfainn duit níl blas ná dath agat air agus cad a dhéanfaidh mé leat?” “Fág fúm féin é, a athair” ar sí, agus toghfaidh mé féin fear.” “Ní d’fhágfaidh mé i n-aon choraig fút é” ar sé, acht caithfir an fear a thúrfad duit a phosaidh.” “Ní phósfaidh mé a athair, mar teastuigheann uaim fear maith a d’fháil agus fear mór breágh chomh maith.” “Sin rud nach féidir a d’fháil” ar sé, “ach má gheibheann tú fear maith ní bheidh aon tslighe maith agat agus má déan ach déan rud ormsa agus túrfadsa fear duitse.
    Bhí triúir feilmeóirí maithe ann agus cuir a h-athair scéala chúca - cuireadh dinnéir - agus tháinig an triúir. Bhí ceann aca
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Giollaruaidh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Beesy Ned
    Inscne
    Baineann