Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá amháin chuaidh Coluimcille isteach i mbaile éigin. Bhí páistí beaga ag imirt ar an t-sráid agus nuair chonnaiceadar Coluimcille ag teacht thosuigheadar ag caitheamh cloch leis. Bhí fear 'an sheasamh ar an t-sráid ag d'iarr Coluimcille air, cén fáth a riabh na páistí ag caitheamh cloch leis agus dubhairt an fear go raibh bainís san mbaile an lá sin, agus go raibh an fear agus an bhean as aon bhaile amháin agus bhí greann dhá dhéanamh ag na bpáistíbh."Mo mhallacht ar an mbaile seo" arsa Coluimcille, " agus nach mbéidh níos mó ná aon bhaiís ann gach céád blian.
* * *
Lá eile chuaidh sé - Coluimcille - isteach i dteach agus d'iarr sé ar mhnaoi a ' tighe píosa aráin a thabhairt dó. Dubhairt sí nach dtiocfhadh leis é d'ithe mar gur bhris an t-arán le h-ais na teineadh agus gur thuit sé isteach san "luaith dearg."Mo mhallacht ar an mbaile seo" arsa Coluimcille " agus nach raibh sé ariamh gan luaith dhearg bheith ann"- Bailitheoir
- Máire S. Níc Dhuarcáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Tomás Reamhar
- Inscne
- Fireann