Scoil: Caladh na Feirsde (uimhir rolla 13481/2)

Suíomh:
Caladh na Feirse Thiar, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Séamus Ó Luain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0433, Leathanach 102

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0433, Leathanach 102

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caladh na Feirsde
  2. XML Leathanach 102
  3. XML “Eachtra na Mná Móire thar Lear”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an tír tú as." " Mise ingín Árd Rí Gréige tá le dhá mí deag in Éirinn a gan fhios díbh, agus ní fhágtha mé ach dís le agaibh." "Cí hiad san?" arsa Fionn Mac Cumhail léi. Deir sí, "Tu féin agus Aodh Beag amháin." "Tá fáilthe rómhat," arsa Fionn Mac Cumhail. D'imthig sí léi féinig ansan agus gcionn seachtmhaine 'na dhiaidh thug sí seacht gcead long léi isteach go dtí Fionn Trágha, agus bhí seacht céad bean ar ga' thaon long aici: agus do tháing sí chun Fionn Mac Cumhail airís agus do thug cuireadh dó chun dul ar dínnéar cúichi, chun é féinig agus a chuid arm. Nuair a chuadar ar bórd chun an dínnéir agus a bhí dínnéar ithe aca, nuair ab' fhonn leo ardú ó'n dinnéar ann n'fhéathach siad eirighe. Do cheangluigheadar go léir dos na stoltaibh aici le neart draoidheacht. Agus dubhairt Diarmaid Ó Dúinn le bean breagh chnoc sé ar bórd dá scaoileadh sí é ó'n cheangal a bhí air do pósfadh sé í agus do choimeadfhadh sé in Éirinn í feadh a mhaireadh sé féinig. Do scaoil sí iad go léir agus bhí fear mór ann do ghlaoidh siad Conán Maol air agus Conán Maol a be an fear deireannach a scaoil sí. D'iompaigh Conán Maol anall agus do bhuail sé le buille claidhim agus do bhain an ceann dí, agus dóbar do marbóch Oscar é mar gheall ar an bhuille fill do bualadh. "Ca' na thaobh ná deanfainn?" arsa Conán Maol mar do coimead sí seacht lá agus seacht oidhche sa ceangal so sinn le neart draoidheacht agus níl aon dul go bráth airíst an draoidheacht do chur thar nais crainn. Nuair do chnoc an bhean mór an bhean marb
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seamas Ó Luain
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Caladh na Feirse Thiar, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seamas Ó Máille
    Inscne
    Fireann