Scoil: Caladh na Feirsde (uimhir rolla 13481/2)

Suíomh:
Caladh na Feirse Thiar, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Séamus Ó Luain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0433, Leathanach 123

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0433, Leathanach 123

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caladh na Feirsde
  2. XML Leathanach 123
  3. XML “Oíche Shathairn agus Aoine an Chéasta”
  4. XML “Naomh Pádraig agus Oisín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Níor chuaigh bád mór chun fairrge Aoine an Chéasta chun ualach gainimh a tabhairt a bhaile léi. Thagadh gála mór uirthi aon thrus a chuaidh sí an agus b'eigint dí chur isteach sa chuan chun fuithint d'fhágailt ó'n gála.

    Seumas Ó Máille
    Caladh na Feirsde a d'innis an méid sin

    Seamuas Ó Luain, O.S.,
    Caladh na Feirsde,
    Baile'n Mhuilinn
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Nuair fhá Oisín Tí na nÓg dubhairt a bhean leis a scob do thír na n-óg é ná raibh aoinne de fiannaibh Éireann na mbeathaidh in Éirinn anois, "agus seo láir duit agus nuair a ragha tú in Éirinn má thagann tú anuas de'n láir ní fhillfir go brách go dtí Tír na nÓg." Do bhuail Naomh Pádraic leis fé bhun Cnoch na bhFian, agus bhí capall aige Naomh Pádraig agus bhí sé a d'arraig mála mion choirce (oatmeal) chur suas na drom agus d'iarr sé ar Oisin teacht anuas do'n láír agus cabhair a thabhairt do an mála mion choirce do chur suas in drom a chapall féin. "Ná fuileann tú ábalta ar a' mála beag cur suas ar dhrom an chapaill?" arsa Oisín. "Ní chuirfinn," arsa Naomh Padraig, "ná tusa im ' theannta." "Is minic a bhíós," arsa Oisín agus ní dheanfadh meud tá sa mála go léir trí greim bidh dom." "N í fheachaís aon fhear riamh," arsa Naomh Pádraig leis," a cuirfeadh suas ar dhrom an chapaill é." Is
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Oisín (~27)
        2. naoimh
          1. Pádraig (~489)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seamas Ó Luain
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Caladh na Feirse Thiar, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seamas Ó Máille
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Caladh na Feirse Thiar, Co. Chiarraí