School: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire (roll number 15844)
- Location:
- An Baile Dubh, Co. Chiarraí
- Teacher: Pádraig Ó Séaghda
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire
- XML Page 179
- XML “Crom Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lámh is do bain sé fioghar na croise "Go mbeannuighidh Díá thú, a Fhir mait," ar seisean. "Is suarac an dioluigheacht liom sa an bhaoth-chainnt sin, arsa Crom Dubh. "Sead" arsa Pádraig, "marbuightear an damh is faghtar sgala dom."Nuair bhí an damh marbh is an sgála ullamh, do bualad isteach an dam saille i gceann de, do thóg Naomh Pádraig blúaire páipeír is do scríobh sios an tAve Maria le fuil i bpeann cleite, is do bhuail sé sa ceann eile den sgála é. Ní túisge sin na tóghadh an damh saille i n-áirde is gan aon nídh cun é meádhchaint acht an blúirín páipéir.Do bhí Crom Dubh na seasamh ag féachaint ar agus sgeón na shúile. Annsan do rug Naomh Pádruig ar an giota beag páipéir is do shín sé cun Crom Dubh é.An dtógfhaidh tú é sin mar díoluígheacht uaim, ar seiseann.Tógfadh is fáilte arsa Crom Dubh."Tá go maith" arsa Pádruig, "Bí annso im' theannta cómh is abheidh t-aigne socair agat.D'fhágadar slán ag a céile is tháinig Crom Dubh is a ghiolla abhaile.Cómh luath is a fuair an páganach(continues on next page)