School: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire (roll number 15844)

Location:
An Baile Dubh, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Séaghda
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0430, Page 160

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0430, Page 160

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire
  2. XML Page 160
  3. XML “Eoghan Rua agus an Scadán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do gaibh Eoghan Ruadh isteach lá go dtí bean tighe agus do bhí sí curamach agus dubhairt sí leis suidhe go fóil ar an gathaoir go dtabairfidh sí a ndinnéir do dhá duine uasail a bhí annsan.
    Cad do bhí ann - bradán a róstadh aici dóibh. Nuair a bhí sí beirbighthe do thug sí leithe suas o'n t-sómra go dtí an dhá dhuine uasal. Nuair a tháinig sí anuas thar nais dubhairt sí le Eoghain suide cun bhúird. Do bhuail dó nó trí prataí cuige agus scadán. Seo ag caint leis an scadáin agus fé mar a bhaineadh sé greim as do bhíodh sé ag cainnt arís leis. Cuir ceann des na dáoinne uaisle a cheann ón doras agus do glaoidh sé ar an dara fear mar ná tuigeadh sé an cainnt a bhí á rádh ag Eoin. Cad fá na cainnte ars iad san le Eoghan. Dearbhrathar dom a batadh fadó. Táim a fiafhruighe don sgadán a gcifeadh sé ar a shiubhalta é. "Agus cad dúbhairt sé leat? Gur mo shiúbhalaig an bradán thuas agaibh-se." Tug an duine uasal an bradán cuige agus bhí sé ag baint a griam as nú go raibh deire itte aige. Cad dubhairt sé leat ars iad san. "Ní bfuaireas aon cuínntas uaidh" ars Eoghan ach go bhfeárr le n-ithe é féin ná an sgadán. Sin é mar Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin a bradán úatha.
    A more recent version of this transcript is awaiting approval
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish