School: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire (roll number 15844)
- Location:
- An Baile Dubh, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Séaghda
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire
- XML Page 177
- XML “Crom Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá baile i bparóisde an Leitriúch go dtugtar Clocán air. Tá an ainm sin air ó aimsir Naomh Pádraig anuas. Is mór go léir na daoine a bhíonn cruinnighthe ann an Domhnach deirneach de mí Iúl. Bíonn patrún mór ar siúbhal ann. Tá sé dá coimeád suas ages na daoine i n-iarthar Chiarraídhe. Domnach Crom Dubh tugaimíd ar an n-Domnach san.
Bhí pagánach na cómhnuídhe i mBaile Duibh gur b'ainm Crom Dubh. Bhí sé ana-shaidhbir is 'na uachtarán ar an mbarúntacht tímcheall. Cuala se tracht mor ar Phádruig seo agus do theastuig uaidh triall do bhaint as.Do glaoidh sé cuige a ghiolla agus dubhairt se leis martsaille do thógaint leis agus gan stad riamh no coídhche no go mbainfheadh se amach an fear uathbásach Pádruig, go raibh an cháil go léir air agus abair leis" ar seisean "gur mise do chuir chuige tú".Tá go maith ars an giolla. Dimthig sé is an beathuigheach aige is níor stad sé gur bhain sé amach tig Phádraig. Cómh luath is do connaic Pádraig é d'fiafruigh de fáth a thuruis. D'innis an ghiolla do gurbh é Crom Dubh a chuir an bronntanas chuige. "Tá go maith," arsa(continues on next page)