Scoil: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 15844)

Suíomh:
An Baile Dubh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Séaghda
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0430, Leathanach 112

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0430, Leathanach 112

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 112
  3. XML “Cill Muire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sé an ainm atá ar mo bhaile dhúthchais ná Cíll Mhuire. Tugtar an ainm sin air mar do bí Cill ann fado agus sé an ainm a bí ar an gCill sin ná Teampuil Muire.
    Tá tiompall trí cead acra talmhan i gCill Muire. Níl alán seana sgeulta againn mar geall ar Cíll Mhuire ac deunfadh tagairt do chuid den beuloideas do cuala. Deireann cuid des na daoine gur bé an cead Cíll do rinneadh (?) tagairt air Teampail Muire agus deireann an furmór díobh gur an ceann eile atá ins an mbaile an ceann ceart mar tá alán seana sgeulta ag baint leis. Is minic a cíodhad na daoine ins an t-sean aimsir bean áluinn agus madra mhaiseamail aici ag dul isteac is ag teact amach as an gceud gCill sin san luat maidean.
    Is minic a cloiseadh na daoine clog an Aifreann a bhualadh ins an meadhon oidhche. Tá teampail eile sam' baile dúthcais agus tá cupla cloca in aice leis agus deirtear go mbíódh na saigdiuirí in áirde ortha sin ag faire ar na fanatai (?) an faid a bhíodh an sagairt ag leigeamh an Aifrin i rit na dlighthe peanamla. Go cómhangarach don cill sin tá sean reilg agus deirtear go bfuil beirt sagairt curtha ann. Fuair cuid dem sinnsir slabhra nuair a bhíódar ag treabha an itir in aice na cille sin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Cáit Ní Ruachain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    18
    Gairm bheatha
    Iníon feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cill Mhuire, Co. Chiarraí