School: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire (roll number 15844)
- Location:
- An Baile Dubh, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Séaghda
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sé an ainm atá ar mo bhaile dhúthchais ná Cíll Mhuire. Tugtar an ainm sin air mar do bí Cill ann fado agus sé an ainm a bí ar an gCill sin ná Teampuil Muire.Tá tiompall trí cead acra talmhan i gCill Muire. Níl alán seana sgeulta againn mar geall ar Cíll Mhuire ac deunfadh tagairt do chuid den beuloideas do cuala. Deireann cuid des na daoine gur bé an cead Cíll do rinneadh (?) tagairt air Teampail Muire agus deireann an furmór díobh gur an ceann eile atá ins an mbaile an ceann ceart mar tá alán seana sgeulta ag baint leis. Is minic a cíodhad na daoine ins an t-sean aimsir bean áluinn agus madra mhaiseamail aici ag dul isteac is ag teact amach as an gceud gCill sin san luat maidean.Is minic a cloiseadh na daoine clog an Aifreann a bhualadh ins an meadhon oidhche. Tá teampail eile sam' baile dúthcais agus tá cupla cloca in aice leis agus deirtear go mbíódh na saigdiuirí in áirde ortha sin ag faire ar na fanatai (?) an faid a bhíodh an sagairt ag leigeamh an Aifrin i rit na dlighthe peanamla. Go cómhangarach don cill sin tá sean reilg agus deirtear go bfuil beirt sagairt curtha ann. Fuair cuid dem sinnsir slabhra nuair a bhíódar ag treabha an itir in aice na cille sin.(continues on next page)
- Informant
- Cáit Ní Ruachain
- Gender
- Female
- Age
- 18
- Occupation
- Iníon feirmeora
- Address
- Cill Mhuire, Co. Kerry