Scoil: Cillíneach (uimhir rolla 12412)
- Suíomh:
- An Chillíneach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Cuill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cillíneach
- XML Leathanach 240
- XML “Cathair Conroí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Conraí fé dhéin an caisleán agus sar a bhfad bhí an buadh aige agus annsan thug Cúculainn abhaile leis an rioghan darbh ainm Blanéid. Nuair a thanadar thar n-ais go h-Éirinn airís goid Cúroí mac Dara an cailín ó Cúculainn mar b’é san an riogha rud sa caisleán.
Do lean Cúculainn é go dtí Mumhan agus tháinig sé suas leis i Luimneach in áit a dtugtar Saloschéid, agus do bhuadh Conroí ar i gcomhrach aonar.
Geárr sé a chuid gruaige leis le scían agus in dhiaidh san thug Conroí Blanéid abhaile leis go dtí Cathair Conroí.
Níor lean Cúculainn é go dtí Mumhan airís go dtí go raibh a gruaig fásta mar masla ab ‘eadh é do saighdúir dul cun troda le gruaig gairid.
Annsan tháinig sé mar crutaire go dtí Cathair Conroí agus bhí aithne ag Blanéid air.
D’íarr sí air teacht le’n a arm agus fanamhaint i gcoill a bhí ar bun an cnuic agus nuair a bheadh uisge liath ag dul síos an t-sruthán sin comhartha na raibh aoinne istig ach Conroí féin. Annsan dubhairt sí le Conroí ná pósfadh sí é go dtí go mbeadh caisleán déanta aige comh mór le caisleán a athair.
Chuir Conraí a cuid fear ar fuaid na h-áite ag bailiú cloca agus an fhaid a bhíodar amuigh caith Blanéid bainne sa t-sruthán agus tháinig Cú Culainn cun Cúroí a marbhú. Mharbh sé é gan aon trioblóid ach sar a fuair sé bás séid sé adharc agus bhailig a cuid fear cómh tapaid agus is feidir leó.
Annsan as go bráth le Cúcullain agus Blanéid go Cúige Ulaidh. Bhí cruitare ag Cúroí darb’ ainm Feircine agus bhí ana fhearg air nuair airig sé an feall. Lean sé an beirt agus lá amháin tháinig sé suas leó agus íad ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Treasa Ó Muirchearta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair an Chruitire, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Muirchearta
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cathair an Chruitire, Co. Chiarraí