School: Luachair (roll number 10045)

Location:
An Luachair, Co. Chiarraí
Teacher:
Ml. Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0427, Page 086

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0427, Page 086

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luachair
  2. XML Page 086
  3. XML “Seán Bhaile an Scotaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    annsan leis.
    Do chailleadh an céad fhear i gceann tamaill is do chaitheadar isteach i roilig Chill Chuáin é. Do thugadar Seán eatora is do mhairbh sé iad nách mór ag iarraid é thabhairt leó mar fear trom leabhar do b'eadh é. Do chuireadar isteach go tig a mháthair féin é is níor mhair an fear bocht seachtmhain ó'n lá san.
    I dtaobh Pruais na mBitheamhnach, do leagadh na bitheamhnaigh ó chéile as san amach go dtí ar deire ná raibh sa phruais ach an Criothanach féin. Tháinig lá mór borradh is tuile is do thuit béal na pruaise. D'imthig an Criothanach is do thug sé aghaidh ar an abhainn a bhí ag gabháilt anuas ó'n gCurrach agus tríd a' nDaoi anonn. Do chonnaich na daoine é is do leanadar é chun go mbearfhaidís air is go dtabharfaidhe suas é.
    Níor dhein sé aon nídh ach scaoileadh faoi'n abhainn a bhí na lán thuile agus é ghlanadh d'aon léim amháin. Do dhein fear de mhuintir Laoich é léimeadh 'na dhiaidh ach níor chuaidh sé a thuilleadh. D'imthig an Criothanach as a radharc agus n'fheachathas aon
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Mac Cárthaigh
    Gender
    Male
    Age
    72
    Occupation
    Gabha
    Address
    Carraig Áithe, Co. Chiarraí