Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Leathanach 436
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé na chómhnuidhe i dtigh beag leis féin.”
Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé na chómhnuidhe i dtigh beag leis féin. Gach oidhche ar a dó dhéag a chlog thagadh bean isteach chuige agus bhíodh sí ag gabháilt do le slat agus á bháseadh. Gach nídh a deineadh an fear do loiteadh sí é.
Díompuigeadh sí an driosúr síos suas agus do bhriseadh sí na n-áthruistí. Nuair a bhíodh sé na chodladh do thógadh sí amach as an leabaidh é. Nuair a bheireadh sé ar cupan do chaithtí amach as a láimh é. Bhí sé scriosta ciapaithe aici. Do bheireadh sí ar coiléar an chapaill agus do chaitheadh sí anuas ar a cheann é.
Ní raibh fhios aige ar thalamh an domhain cad a dhéanfadh sé lá amháin ghaibh bacach tímcheall agus d'innis an fear do gach nídh mar gheall ar an mhnaoi úd. Dúbhairt an bhacach leis labhairt léi an chéad uair eile a thiocfadh sí agus a rádh léi cnag a bhualadh ar an ndorus már aifrean a theastuigh uaithe. Bhí an fear ana shásta leis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- An Baile Beag, Co. Chiarraí