School: Ceanntrágha (Ventry)

Location:
Ceann Trá, Co. Chiarraí
Teacher:
Donncha Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 411

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 411

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Page 411
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí bean ana bhocht i gCill a Ruith fhadó agus ní raibh aon Bhéarla aici.

    Bhí bean ana bhocht i gCill a Ruith fadó agus ní raibh aon Bhéarla aici, Chuaidh a h-inghean go h-America agua bhí ana mór is ful uirthi. Taréis cúig bliadhna a chaitheamh in America tháinig sí abhaile agus ní raibh sí sásta le na máthair toisc gan aon béarla a bheith aici di. Dubhairt sí le na máthair muna mbeadh béarla aici an chéad uair eile a thiocfadh sí abhaile ná codaleóchadh sí oidhche eile sa tig.
    Bhí buachaill sa bhaile agus bhí béarla cuibheasach maith aige. bhí ana cháil air a chuid léighinn agus Seán an Scoláire a tugadh air. Gach lá ní raibh aon cúram ar Sheán ach bheith ag múineadh béarla do'n tsean-mhnaoi.
    Dúbhairt sé léithi aon uair abheadh sí ag cainnt mar gheall air tale, narrative a rádh agus nuair a bheadh sí ag rádh an solus a chur amach a rádh to extinguish it.
    Tháinig an cailín abhaile agus cheap sí go raibh ana bhéarla ag a máthair agus bhí sí lán sásta léi. Bhíodar a ól an taé, ach go h-áirighthe, agus bhí bailiú mór
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish