School: Ceanntrágha (Ventry)

Location:
Ceann Trá, Co. Kerry
Teacher:
Donncha Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 497

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 497

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Page 497
  3. XML “Scéal Púcaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus theastuig bean chabartha uaidh. Ní raibh sí sin lé fághail in aon áit ac[h] thiar í nDúnchaoin. D'imt[h]ig sé leis aon oidhche amháin timcheall a dó dhéag a chlog agus nuair a bhí sé ag gábhail aniar in aice leis an gClasach do chonnaic sé sprid agus d'f[h]iarfuig sí dho cad chuige go raibh sé amuig cómh déanac san oidhche d'innis sé dí. Annsan dúbhairt an fear léthe leigeant leis anoc[h]t go dtí s'oidhche amáireach agus go dtiocfadh sé cuicí annsan. Ní leighfeadh a dúbhairt sí "leig" a dúb[h]airt an fear arís. Seadh dúbhairt an sprid go leigfheadh ac[h] mar dtiocfadh sé amáireach gan a cheann do chuir amach thar doras go deó arís. Lá ar mhaíreach tháinig a dearbhráthair isteach agus d[']fiafruigh sé do' n mnaoí éabhartha cá raibh fear an tíghe agus dúbhairt sí leis go raibh sé thoir í dtig na mba ag caitheamh amach an aoilig. D'imigh sé soir agus nuair a chuaidh sé soir is amhlaidh a bhí a dhearbhriathair ag gol. D'fiafruig an dearbhrathair do cad a bhí air agus d'innis sé do dúbhairt sé leis dul go dtí an saghairt paroísthe do bhéin agus dúbhairt an saghairt leis bheith thuas ar an gClasach ar a dó bhéag a chlog agus buidéal uisce coisreachan a bheith aige do bhéin nuair a tháinig an saghart do chaith sé an t-uisce
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Seosaimh O Cíobháin
    Gender
    Male
    Informant
    Mícheal Ó Guitín
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Cill Ura Thoir, Co. Kerry