School: Ceanntrágha (Ventry)

Location:
Ceann Trá, Co. Kerry
Teacher:
Donncha Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 505

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 505

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Page 505
  3. XML “Scéal - Coiriú Catha”
  4. XML “Seanbhean na Maidí Croise”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    i mbhun Sliabh an Fhiolair. Díreach nuair a thánaig sé suas leis agus thug sé fé lé buile de'n t-shlait. Chaith Spriongaire an muga ar Murcadha agus deineadh dhá gholán cluiche dóibh araon. Ceann acu in a sheasamh agus an ceann eile leagaithe. Tá siad riamh ó shoin go dtí go dtáinig Tomás Ó Ciobháin agus bhris sé ceann acu, agus chuir sé anáirde ar an gclaidhe é. Ní mise do chum ná a ceap é".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí bean bheag ann fadó, agus bhí tigín beag ósta aici. Thainig bean go dtí tig an mhnaoi seo lá agus maidí croise aici. Bhí triúr inghean ag an bheanín beag, agus d'iarr sean-bhean na maidí croise lóistín na h-oidhche. Nuair a thánaig an maidean, dubhairt an beanín bheag léi fanacht seachtmhain in-aon-fheacht leó. Nuair a bhí an seachtmhain suas d'órduig an inghean críona seachtmhain uaithe féin. Annsan d'órduig an t-arna inghean seachtmhain eile uaithe féin. Nuair bhí sé sin suas d'órduig an tríomhadh inghean seachtmhain uaithe féin b'shin mí a bhí ann.
    Aon lá amháin bhí an rígh agus dearbhatháir an rígh agus mac óg an rí ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Dómhnall Ó Ciobháin
    Gender
    Male
    Address
    Na Ráithíneacha, Co. Kerry
    Informant
    Dómhnall
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Age
    68