Scoil: Ceann Trágha (Ventry)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Donncha Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 028

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 028

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
  2. XML Leathanach 028
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí ministir gallda na chómhnuidhe i nDaingean Uí Cúise fadó.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    an deichiú mí caite aige. Níl a fhios ag éinne an méid airgid a d'fhág sé ag Páiste ach tá sé cinnte gur fhág sé cúpla céad nó trí. Sé dubhairt sí ina dhiaidh san gurbh é seo an rud a dhein sé ná gur fhág sé an tigh aige an ministir a thiochfadh ina áit, gur fhág sé eastáit mór i Sasana dá dhearthár gur fhág sé sé chéad púnt do mhac a dhearthár, gur fhág sé céad chun é a chur agus dhá chéad go leith aici féin.
    Cailleadh é oíche lae Nodhlag agus deirimse leat nár dhein sí céad púnt a chailleamhaint lé é a chur. An oíche sin thug sí cúig púint an duine do seisear fear ach é a chur di. Go déanach an oiche sin fuaireadar cónra agus cuireadar é thuas in aice leis an dteampall gallda. Bhí saol suairc, sámh ag bPáistí ina dhiaidh agus deirtear gur fhág sé níos mó ná dhá chéad go leith aici mar na seasóchadh an méid sin í aon bhliain amháin sa tslí inár chaith si é
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Muircheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Gairm bheatha
    Saor cloiche (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile an Lochaigh, Co. Chiarraí