Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)

Suíomh:
Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Muiris Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 009

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 009

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Gobnait
  2. XML Leathanach 009
  3. XML “Fear Maraithe Céad d'Aon Bhuille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chómhairimh sé ansan iad agus bhí glan ceud acu marbh aige.
    "So súd [?]! a bhean a tighe", ar seisean, "ní fhanfhad lá ná oidhche eile sa tig seo anso. Is mór a' truagh mo leithéid de ghaiscídheach a bheith ann. Mise! fear marbhuighthe ceud d'aon bhuille."
    As san gur imthig air agus do chuaidh sé go dtí an gabha beag a bhí mBaile an Ghleanna sa pharóiste seo agus dúbhairt leis maide nó staf breágh iarainn a dheunamh do agus a mharcáil las muigh air:-
    "Mise fear marbhuighthe ceud d'aon bhuille"
    Chómh maith do dhein agus d'imthig sé air ansan agus bhí sé ag cur an bhóthair de nó gur bhraith se 'na choinne sluag saighdiúirí. Tháinig an t-eagla ar an nduine bocht rómpa agus ní raibh aon tseift aige ach a leigeant air a bheith 'na chodladh ar thaobh an bhóthair agus an staf las'muigh dhe agus an mharcáil go maith le feiscint air.
    Tháinig na saighdiúirí suas agus nuair a chonnaiceadar é thug duine acu trip bheag dho agus bhíodar chun é a dhúiseacht ach d'órduig an captaein dóibh stad go fóil.
    "An gcídheann sibh an staf san aige?" ar seisean, "agus an ainm atá air gur b'é fear marbhuighthe ceud d'aon bhuille é. B'fhéidir nuair a dhúiseóchfaí é go mbeadh speabhraoidí codalta air agus go marbhóchadh sé an ceud againn d'aon bhuille amháin." Mar sin do bhí. Do leigeadar do féin agus d'imthigheadar tharais.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    AT1045: Pulling the Lake Together
    AT1062: Throwing the Stone
    AT1088: Eating Contest
    AT1640: The Brave Tailor
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Muircheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Gairm bheatha
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gleann Loic, Co. Chiarraí