Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)

Suíomh:
Dún Chaoin, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Muiris Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 006

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 006

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Gobnait
  2. XML Leathanach 006
  3. XML “An Seanbhéim Céachta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Stad an feirmeóir agus chuimhnig, ach dúbhairt go dtabharfadh [sé] leis an cailín. D'imthigheadar leó ansan an fear agus an cailín, ach nuair a d'éirig an feirmeóir ar maidean bhí a raibh do stoc aige marbh.
    Thug sé leis sluasad agus órd agus seo leis chun na leasa. Bhí sé ag raobadh tamall nuair a tháinig an seana-duine agus dubhairt leis an bhfear dul abhaile agus go mbeadh an stoc 'na mbeataidh arís. Chuaidh sé abhaile agus bhí sé tamall ag an dtig nuair a dúbhairt a bhean leis dul ar thuairisc a h-athar.
    "N'fheadar-sa ca'il t-athair," ar seisean.
    "Tabharfad-sa leitir dhuit a thabharfaidh ann tú" ar sise.
    Do thug agus d'imthig sé agus bhí sé ag imtheacht riamh is choidhche go mbain sé amach tig a h-athar.
    Bhí an t-athair agus a uillin curtha sios trid' an mbórd aige ó bheith ag gol i ndiaidh a inghine.
    "Croth suas tú féin," arsan fear, "Tá t-inghean n-a beathaidh agam-sa".
    "Am b'amhlaidh a tháinígis chun a bheith ag magadh fúmsa," arsan t-athair. "Dá mbeadh aon urchar sa guna agam do chaithfinn tú.
    "Seo leitir duit" arsan fear
    D'fheuch an t-athair uirthe agus dúbhairt gur b'í lámh a inghine a dhein é sin. Dúbhairt a bheirt mhac an rud ceudna. Chreid an t-athair é ansan.
    Chuaidh an t-athair agus an bheirt mhac agus an chliamhain ansan go dtí tig na h-inghine, agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Criomhthain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Dún Mór, Co. Chiarraí