Scoil: Rathún (Clochar) (uimhir rolla 1013)
- Suíomh:
- Rathún, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cáit ní Ioláin. (aois 14 bl) Baile Cláir - Rang 8
Fuaireas an sgéal seo ó Mícheál Mac Cuimín
Cinn-Uisge
Baile Cláir
An droch saoghal a bhí amuigh fadó.
Cúpla blian ó shoin, chuala mé sean fhear a rádh go raibh a h-athair amuigh i mblian go raibh an ghorta amuigh.
Dubhairt sé go (raibh) sé na daoine ag fághailt bháis leis an ucras. Ní raibh rud ar bith le n-ithe acu, ach coirce agus cruithneacht nach raibh abaidh. Ní féidir na feilméaraí rud ar bith do chur, mar bhí sé ithte acu, nuair a bheith sé ós cionn an talamh.
Bhí feilméaraí saidhbhir agus bhí sgioból mór min-coirce cruinnigh suas aige. Bhí na daoine ag dul thart ag iarraidh gráinne min-coirce in Ainm Dé.
Gach lá bhí daoine caillte ar thaobh an bhóthair, agus ar gach áit. Déanann daoine poll dóibh, agus cuirtear trí nó ceathar coirp in aon poll. Ní raibh siad ag déanamh aon uaigh san am sin is atá siad ag déanamh indiu.
Nuair a bhí an ghorta thart tháinig tinneas mór, agus bhí beagnach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Ioláin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Miceál Mac Cuirnín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cinn Uisce, Co. na Gaillimhe