Scoil: Clochar ar an bhFáirche

Suíomh:
An Fhairche, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 147

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 147

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar ar an bhFáirche
  2. XML Leathanach 147
  3. XML “Na Liosanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá go leor liosanna in Éirinn. Go mhór mhór ar an taob seo do'n thír. Tá ceann ar taobh an bhóthar idir Cloch-Brac agus Baile - Nónach. Tá leac- mhór at thaobh an chnuic deirtear go raibh go leor sidheóg ann fadó. Bíonn faitchíos ar na daoine dul tharas insan oidhche agus ar cuid de's na daoine san lá. Ar lá is breaghtha sa Samhradh, bíonn deóiriní uisge ag teacht anuas ar an Lic.
    Deirtear gur'b iad na deóríní sin deora na sidheóga a bhí ag caoineadh ar an Lic. Chonnaic na sean-daoine go leor rudaí ionghantacha ann fadó. San Samhradh bíonn go leor bláthna deasa ag fás thart ar an Lic. Tá lios eile i mBaile - Nónach ar an mbhóthar atá ag dul go Cill Bhríghde. Isitgh insan gcoill atá an lios sin. Tá go leor croinnte taobh istigh de'n mbhóthar. Bhí teach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Mhainnín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceapach na gCapall, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Mainnín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceapach na gCapall, Co. na Gaillimhe