Scoil: Clochar ar an bhFáirche
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)annseo agus tá go leor ainmhidhthe allta ins na coillte. Bhíonn an sionnach ann. Tagann sé ins an oidhche agus goideann sé na cearca agus na lachain agus na géana. Ní fheacadh tu an sionnach san lá chor ar bith bíonn sé istigh ina phluais. Tá sé an deacair breith ar an sionnach mar tá sé an glic ar fad. Tá leaghas i dteangain an tsionnaigh. Deirtear da mbeidh dealg in do láimh agys teang an t-sionnaigh a chur leis go mbainfead sé amach an dealg.
Tá an coinín agus an girrfiadh ann freisin. Bíonn an coinín ag goid an chabaiste agus an geamhair. Bíonn an girrfiadh ag ithe féir. Beirtear orra sin le guna agus le coin. Bíonn an easóga ins na coillte freisin. Deirtear da mbeidh sparan déanta as croiceann na easóige nach bheadh sé gan airgead go deo.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlin Ní Mhainnín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceapach na gCapall, Co. na Gaillimhe